Bhi fathach ann san t-sean aimsir agus bhi caislean aige. Gach duine a chonnaic se do mharbhuig sé é agus d'ith sé é. Bhi fear óg ag gabhail thar a dtig la agus do mharbhuig sé é. Do chuaidh a bhean go dti Fionn Mac Cumhaill agus dubhairt si leis an mnaoi dul go dti an cailin aimsire a bhi i dtig an fhathaigh agus a fhiafruighe di cathain a bheadh an fathach in a chodhladh. D'imtigh an bhean go dti tig an fhataig agus d'fhiafruig sí de'n chailin aimsire cathain a bheadh sé in-a chodladh. Dubhairt sí leis an mnaoi go mbheadh an fathach ag dul a codhladh i gceann tamaill. Nuair a bhi an fathach imthighthe a chodhladh thainig an bhean agus an fear eile agus do ghearradar ceann an fhathaig. An áit in-ar thuit an rud amach tugtar Clochan na bhFomorach air. Bi cailleacha annso fadó. Bhi fiacla cosamhail le bata suibhail acu. Dhein na daoine obair dhoibh mar bhi eagla ortha rompa agusKGFWKGFW