Fadó do bhíodh na daoine cuig bliana deug daois sar a gcaithidís bróga. Nior caith leain ó n-Éignig bróga go raibh sé ina-fear óg. Bhiodh na daoine uaisle ag magadh faoi's na daoine bochta. Tugaidís "bróigíní bocta" orta. An t-uisge 'na nighti na cosa, bhi ait airithe chun é caitheamh amac i.e. ar thaobh na laimhe deise de'n dorus. Deirtí i dtaobh aon duine a caitheadh amach é in-aon áit eile, go bhfaigheadh sé bás go luaith ar maidin. Nuair nach raibh an leathar go fluirseach do deinti na bróga d'adhmad. Nuair do bhiodh an sioch ann deinti stocaí de seithe ainmhidhthe.Theigheadh na greasaidhthe ó thig go tig ag deisiú bróg.KGFWKGFW