'S iad so leanas na cluichi a imrighim i rith na bliana:- Cluiche an Dinneir, Imirt Fallogai, Taobhanna, Leimt thar téid, Tarraingt Téide, Ceithre Cúinne, Tig (Ni h'-e "teac" is brigh leis an bhfocal) Pici, Dathanna, Ragham a' Fiadhach, Isteach 's Amach, Agus mé im Mhnaoí Usail, Mathracha, Ceimeanna, Jenny-Jo, Sprid 'sa Ghairdín, Aimsear Ghaothmhar, Capall as Carr is fearr ar an mBarr, Bannda Balbh, Gairbheal Uaithne, Ros Dearg, Camoguiocht, Liathroid Lin, ( Liathroid Chiseain) 1. Cluiche an Dinnéir:- Is feidir beirt nó breis an cluiche so d'imird. Tosnuigheann cailín amháin mar seo "Bios amuigh i gcóir dinnéir indhé agus bhí (ainmnightear aon bhiadh i n-aonchor i.e. sicín no feoil rósta) agam. Deireann an dara chailín an rud ceadhna ach cuireann sí biadh eile leis. An triomhadh chailin, luadhann sí trí cinn agus mar sin de, go mbíonn liosta fada ann. Annsan bionn comórtas idir na h-imirteoirí agus an té is fearr chun an liosta ar fad d'aithris, bionn an buadh aice. Aon chailín a fhagann "biadh" ar lár ní bhíonn aon pairt aice 'sa chluiche ar san amach. Nil aon am fé leith chun an cluiche seoKGFWKGFW