316 66.Is liag gach othar tar eis a leighis. 67.Is fear súil le béal an chuain na súil le béal na huaigh. 68.Ní hí an t-áilneacht a chuireann an ciotal ag fiucadah. 69 .Ni féasta gan róstad. 70.Ni bhíonn an rath mura a mbíonn an smacht.AnaithnidSgeul Grinn. Bhi fear in a chómnuidhe i mBealach tamall ó shoin agus ins an nGeimhreadh bhíodh se de nos aige dul go dtí an gairdín timcheal a deich a chlog san oidhche agus cisean mór de meangalaibh a thabhairt abhaile leis i gcóir na mbó. Oidhche amháin do chuaidh sé go dtí an gáirdín agus do bhí an oidhche dubh dorcha .Bhíodh córda aige chun na meangal a cheangal sa chiseán agus ansan cuireadh sé ar a drom é .Acht an oidhche áirithe seo do dhein se dearmhad ar an gcórda a cheangal agus nuair bhí sé ag teacht abhaile bhí an córda ag tuitim go dtí an talamh taobh thiar de agus cheap sé gur coiscéim duine a bhí á leanamhaint .Ni raibh a fhios aige cad a dheanfadh sé agus ar deireAnaithnid