Bhí fear ann fadó agus bhí triúir mach aige. Sé na h-ainmneacha a bhí ortha ná Tomás agus Seán agus Séamus. D'fág sé an talamh ag Tomás agus d'fág sé an spré ag Seán agus níor fhág sé aon rud ag Séamus ach an cat. Bhí cainnt ag na chait fadó agus dubhairt an cat lé Séamus "Dá dtabharfá máílín cugham-sa chuig é a chur fé mo mhuinéal agus peidre bróg b'fhéidir go ndeanfainn rud eicínt dhuit." Thug sé na bróga agus an máílín cuig an cat. D'imthigh an cat go dtí an coill agus rugh sé ar trí éanluithe breaghtha. Thgu sé na h-eanluithe go dtí duine-uasal a bhí ins an áit sin. "Eanluithe a chuir an rí milis cughat" dubhairt an cat. An rí milis sé sin an ainm a thug an cat ar Séamus. Dimthigh sé lá eile agus rugh sé ar eanluithe agus thug sé íad go dtí an duine uasal agus dubhairt sé an rud ceadhna. An triomhadh lá d'imthigh sé agus dein sé an rud ceadhna. Bhí sainnt ag an duine uasal an rí milis d'feisgint. Dubhairt sé leis an cat á rád leis an rí milis beith ar an droiceadh mór roimh amáireach. D'aithin an cat ná raibh aon eadach maith ag Seamus bocht agus dubhairt an cat le Seamus bheith ar snámh amuig ins an abhainn nuair aAn Dothra Bheag