(I) Do ghluais cughainn sár-fhear anall thar sháile Ba mór le rádh é ag clann na nGaedheal, Gan fios ce'n creideamh ná cad as a dtáinigh, Gur thóg sé páirt leó-tha tré gach scéál Do lasadh solus dhó agus colours gléasta, Ba mhór é aréimh ag gabháil tríd an dtír (gól) 1 Nár mór an gradam é de phreasbatérin, Ná raibh lámh Dé leis ag gabhail tríd an dtír (gól) 2 (II) Do geall sé Éire ar fad le chéile Gan pingin éileamh gan stráth ná cíos Ní raibh 'na ghlórtha acht mar lúib in Éireann, A croth ab' aoirde (3) o gcuig' Uladh shíos. (aer-de) Leabhartha Luther níor léig na h-úghdair, Is ní raibh scrúdáilte ó shealaidhe Chríost, Gurbh' as a h-úscail marioth luthmhar, Is go bhfuair sé dúilte ó Rí na Naoimh. (III) Is mó mach máthair agus buachaill aluinn, In aghaidh córda cráibe fé'n muinéal 4 (wee-ill) 4 Gurbé dlíghe Párnaill do léig ar lár sinn, Agus d'fhág croidhe cráidhte ag leath a' thír. Tharaingeann sé dlíghe chúghainn isteach go h-Éirinn, An Dlíghe ba claona do bhí le fághailAn Dothra Bheag