Lá dá raibh sagart ag chur dó ar a shuaimhneas d' íompuig an lá amach go h-olc. Bhí an báisteach a scealladh anuas ó thalamh. Tháinig an sagart go bruach abhann ach go h-áirithe, agus bhí an abhainn ag chur thar mhaoill. Ní raibh fhios aige cad do bhféarra dhó a dhéanamh. Chas sé ar a sháil agus cé bheadh taobh leis ach strapaire árd d'fear. Bhuail se bleib ar an fear agus dubairt "Chuir treasna 'mé agus bheadh an bhuidheach duit". "Is míse a bhéarfaid má éistéochair m'Faoistin". "Táim sásta" ars' an sagart. "Léim ar mo dhrom" ars' an fear. Anáirde leis an sagart agus súid leo isteach san abhainn. B'fhada an lá ó chuaid an fear isteach go bosca Na Faoisdine. Thosnuig sé ag ínnsint na peacaí dhon sagart, agus iad í lár na n-abhann d'innis sé pheacha uathbhás ach dó. "Tá an díabhal thíar ort" ars an sagart. Las sin dhein an fear léim agus caith sé an sagart dá dhrom agus ar sé "Má tá, bíodh sé i lár na n-abhann anas sé ní bheidh sé ar mo dhrom-sa.Ella Dmitrieva