Liosta Focal a bhionn i ngnáthchaint is i gcomhrádh Muintir na hÁite seo. (1) Ar nglaodhach do'n choileach ar an dtáirsigh:- TEACHTAIRE DÉ AR DEAGH-SCÉALA CHÚGHAINN ! (2) Giota de phaidir a bhiodh ag m'athair: NÁ BÍDHIDH SANNTACH NÁ BRÉAGACH NÁ LOCHTMHAR LE CHÉILE....... (Fuaras iad so thuas i mBruighreas-dá-Mhíle i gCo. Thiobrad Árann) AINDEISEOIR. AMADÁN. AMALACH. ÁILLEÁN ÓINSEACH. BACACH BÚNDÚN.I.E. an t-ionathar mór a curtar amach uaireannta tré neart cruadhtain, laige, nú tinnis, Cloistear san abairt seo ag na bearlóirí fós é: dá gcuirtheá amach do bhúndún ní bheifí buidheach díot. CNÁIMHSEÁNAIDHE. CNÁIMHSEÁIL. CRÓNÁN. CRÚIBÍN. SEOINÍN. FLAITHEAMHAIL. PÚICÍN. DÚIRNÍN agus DORNÁN BEAN SIDHE. BEAN CAOINTE. BÓ CHAOINTE (an dá cheann deireannacha so ó Bhuighreas-dá-Mhíle i gCo. Thiobrad Árann) PÓG MO THÓIN. CACH. (Bionn an focal seo i mbéalaibh na dtúismhightheoirí chún grándacht an fhocail béarla a choinnéil o chluas- (Page 299) Dáithí O Ceanntabhail Scoil na mBuachaillí Cromadh Co. Luimnighe 17.12.34 Bar. Cois Máighe Par. Cromadh Do Runaidhe an Roinn Oideachais A Chara, Tá an leabhar so Béaloideasa criochnuighthe agam, agus tá sé a chur agam chughat. Is truagh liom nach fiú tracht ar an méid Bealoideasa atá le fagháil sa cheanntar so; baineann a a lán cúiseann leis sin, ach go h-áirithe baineann an Galldhachas a lean fás tighthe mór na n-uaisle sa chomhursanacht ag tosach an chéid deireannaigh, baineann sin leis. Pé sgéal é, tá a lán fós le bailtughadh agus déanfad mo dhian-dícheall an chnuasacht is iomláine is féidir a dheánamh. Dá bhrígh sin bheinn buidheach díot dá gcuirtheá coip eile de'n leabhar "Bealoideas", chugham cun leanamhaint de'n bailiuchán. Sháruigheas an "teagasg" annso is annsud sna notaí a dheineas, ach dheineas an méid sin soiléir go leor. "Ní foghluim go taithighe " agus deánfad níos fearra an chéád bhabhta eile. Comh fada is tá an eolas agam, níor scriobhadh síos fiu is focal a clobuaileadh ariamh. Ní fhaca an cigire an chnuasacht so. Mise, le fíor-mheas Dáithí O CeanntabhailAn Dothra BheagAn Dothra Bheag