Fuair alán daoine bás le linn an Ghorta insan áit seo. Fadó, Fadó bé prátaí an biadh abhí ag na daoine. Ní raibh aon rud eile le n-ithe acu acht iad. Sa mblian 1846-1847 tháinigh an dubh ar na prátaí agus ní raibh aon ní le n-ithe acu annsan. Tháinigh ochras an domhain ortha agus tháinig min isteach go dtí an tír acht ní raibh fhios a cócairreachta acu. Tháinig galar ortha annsan darbh ainm an Colaire. Dá mbá rud é go mbeadh alán daoine marb cuireadh i uaig mór iad. Bhí níos mó daoine insan áit roimh an Gorta mar fuair cuid acu bás agus cuaidh an cuid eile go dtí America cun slíghe beatha do bhaint amach. Tháinig sroinnséirí bochta isteach 'san áit seo. Bíodar ag rith ón nGorta. Fuair cuid acu bás ar taoibh an bhóthair leis an ocras agus an t-annró. Bhí na daoine ró lag cun iad do cur 'san uaig. Dubhairt m'athair liom go bfuil siad curtha ar toibh an botair ins gach áit. Tá fothraig le feiscint ar talamh Muinntir Uí h-Ifearnáin gur fhág na daoine le linn an Gorta chun dul go dtí America. Sé an ainm abhó ortha na Muinntir Uí Duilléain.An Dothra Bheag