Bhí Scoil Scairte i Sean Mhuillean fadó. Bhí an scoil seo suidte ibferim Mhuinntir Úí h-Ifearnáin agus bhí sí ibparóiste Árdacadh. Istig idtig abhí an scoil ar siubhal. Bhí cóir scríobtha aca leis cailc agus slinn. Múintí béarla áireamh agus sgríobhnóireacht insan scoil - labartaí béarla ann leis - ní raib fochal Gaedhilge le cloisint. Bhí leabar béarla aca "Reading made Easy". Seán O Faoláin ab'ainm don magistir agus tugtaí maigistir taistil air. Bhí a thigh féin aige. Ní bhíodh sé ag gábhailt timcheall ar aon chor. Bhí an fear céadna imbun na scoile seo igcomnuidhe. Bhíodh an scoil ar siubhal ar feadh an lae. Thug na scoláirí pinginn leó gac maidin Dé Luain agus thabharaidís don maighistir é. Chuaidh mo shean athair féin go dtí an scoil sin.An Dothra Bheag