Bhí file in a chómhnuidhe san mBarrach Ruadh tháth agus Séamus Ó Colmáin a b'ainm dó. Siúinéar do b'ead e. Bhí e ag obair istigh in a mhacha féin lá. Do tharla go raibh an sagart paróiste agus an sagart óg ag gabháil thar Brághaid. Ag dul abhaile ón "stáisiún" a bhíodar. Do cheap an sagart óg roinnt spóirt a bheith aige leis an bhfile agus dubhairt sé an leath rann seo:- "Siúinéar leisgeamhail mall" Agus buille aige thall is i bhfus" Ba ghairid an mhoill air a bhóthar abhaile do thabhairt air féin nuair d'fhreagair Séamus "Sagart is laidean in a cheann Is a bholg ag damhas le puints"Matt Smyth