Tá fear in a chomhnuidhe in aice liom darb ainm Tadhg Ó’Chéilleachair, agus dinnis sé an sgéal seo dom. Bhí fear (agus a bhean) in a gcomhnuidhe i Lios-a-Craoisaig (5mile shiar ó Magcromtha) agus gach oidhche raghadh sé amach ag scoruidheacht. Oidhche amháin nuair do bhí sé ag teacht abhaile thosnuig sé báisteach agus chuaidh sé fe sgáth chrainn. Ní raibh sé ann abhfad nuair d’airig sé coiscéim duine ag gabháil air. Annsan d’fhéuch sé agus ceathrair fir a bhí ann agus cómhra aca. Bhí duine aca bacach agus do chonnaic an fear ó chuaidh sé amach agus dubhbairt sé go dtabharfadh sé cabhair dbí duine bacach. Ní raibh na focail as a bhéul nuair do sgeinn na ceathrar fir as a radharc, agus d’fhágadar an cómhra in a ndiaidh. Annsan do thug an fear an cómhra abhaile agus d’osgail sé é. Cad do bhí ann acht cailín gleóite, agus ní raibh sí ábalta labhairt. Do mhaireadar mar sin,---an tríuir aca --- ar feadh bliana. Oidhche eile nuair bí an fear agJoseph McGroarty