Máire Ní Liatháin, Goirtín Fliuch. Aois - Trí bliana déag go leith 5-12-’38 Béaloideas – Scéal Tá mórán céadta blian ó shin ann ór fhógair Naomh Fionnbarra go mbeadh Aifreann agus seanmóin aige sa Ghuagán ar an tríú lá fichead do Mheán Fhómhair. Do tháinig neameon daoine ó gach aon áit ann. Lá ana-bhrothallach dob ea é. I meán lae do dhoirchigh sé agus do tháinig tóirneacha agus splancacha móra. Do tháinig scanradh ar na daoine. Do labhair Naomh Barra leo:- “A dhaoine,” ar seisean, “ná bíodh aon eagla oraibh mar táimse chun dul go Baile Bhúirne chun go bhfeicfidh mé an teampall atá déanta ag Naomh Gobnait. Gluaisígh liomsa, a dhaoine,” ar seisean agus d’imíodar leis. “Geallfadsa díbh ná déanfaidh tóirneach ná splanc aon díobháil go brách arís idir mo theampallsa agus teampall Naomh Gobnatan,” agus níor dhein riamh ó shin, buíochas le Muire agus le Naomh Fionnbarra an Ghuagáin.Pádraig Ó Céilleachair