Do bhí buachaill óg ann agus do gheóbad sé triúr ban lé pósadh. Sé sin do phósfadh aoinne den triúr é, agus ní fheadar sé féin ciaca aca bfearra dho thógaint. Baintreach a b'ead duine aca go raibh slighe mhaire aici agus chlann aici. Cailín mí-deabhrathach a b'ead duine eile aca agus spré aici, agus cailín breágh b'eadh a trímhad duine agus gan spré aici. Bhí radharc caillte ag a athair. Fear dall b'eadh é. Tháinig a mhac a triall air is ag tógaint a chómhairle. Sé dubhairt an t-athair leis:- "A Mhic a chroidhe ó tuíse ar thabaraisg ann Leigse dhíot an críon bhean cruaidh is a clann, Gaibh le mnaoí na scuabad leabhar Go mbeadh a dá ruisín mar fhíor-uisce fhuair i nGleann, Bean ná spré da mbéidir í siúd fhághail Snaidhm-se léi is ná seann a clú go bráth Nó tóg más beinn leat bean gan púnt na láimhHelen O'