Bhí bean ’na cónaí i dtigín beag ar thaobh an bhóthair aon uair amháin. Ní raibh ach aon mhac amháin aici. Seáinín dob ainm do agus bhí sí ana-cheanúil air. Lá amháin d’fhág sí i mbun an tí é. Bhí ana-dúil i bhfeoil aige agus duairt sé leis féin go maródh sé an coileach, nó an bardal, ach theip air breith orthu. Ach do chuimhinigh sé ar ghé a bhí ar gor fén staighre agus do mhairbh sé an gé agus d’ith sé í. Nuair a bhí an gé ite aige do fuair sé piliúr agus d’oscail sé é agus chuir sé an clúmh in airde ar na huibhe chun iad do choimeád te. Tar éis tamaill d’fhéach sé orthu ach bhíodar fuar amach. Ansan duairt sé leis féin go luífeadh sé féin ar na huibhe agus do léim sé isteach sa nid. Do bhris sé iad go léir agus cheangail an clúmh agus é féin lena chéile. Nuair a tháinig a mháthair abhaile do ghlaoigh sí air. “Gog gog,” arsa Seáinín, “táim ar na huibhe.” Duairt sí:- “cad a bheir duitJeaic Mag FhinnPádraig Ó Céilleachair