Gobnait Ní Chróinín, Carraig na Damhra. Aois - Trí bliana déag 10-5-’38 Béaloideas – Scéal Do bhí seanabhean ’na cónaí i dtigh beag fén dtuaith uair amháin. Bhí sí anabhocht. Ní raibh bó ná caora aici. Ní raibh aici ach aon ghé amháin. Bhí sí ana-cheanúil ar an ngé mar ní raibh aici ach í. Do bhíodh an gé gach oíche i gcró bheag ar chúl a’ tí. Do bhí mada rua i gcoill in aice na háite ’na raibh an tseanabhean ’na cónaí. Tháinig sé aon oíche amháin agus do chuaigh sé isteach sa chró. Do mhairbh sé an gé agus do rug sé leis í. Nuair a eirigh an tseanabhean ar a seacht a’ chlog maidin lá arna mháireach chonaic sí cleití an ghé timpeall an chlóis. Bhí a fhios aici ansan go raibh an gé marbh agus do chrom sí ar ghol. Bhí an bhean bhocht go buartha brónach. Do bhí feirmeoir ’na chónaí sa chomharsanacht agus bhí gunna aige. Do chuaigh an tseanabhean ag triall air agus d’innis sí an scéal do. Do thóg sé an gunna amach agus chuaigh sé amach sa choill. Ba ghearr go bhfuair sé radharc ar an mada rua. D’ardaigh sé a ghunna. Do scaoil sé urchar leis agus do lámhaigh sé é. Bhí an tseanabhean go buíoch beannachtach ansan.Pádraig Ó Céilleachair