Eibhlín Ní Cheallacháin, Cathair na Cátha. Aois - Aon bhliain déag 11-4-’38 Béaloideas – Scéal Bhí beirt anam a’ cúiteamh a gcúrsaí Purgadóireachta ar dhá thaobh scotháin aitinn. Do gháir duine acu aon oíche amháin agus d’fhiafraigh an duine eile dhe cad ’na thaobh go raibh sé ag gáirí. “Táim anso,” ar seisean, “le trí fichid bliain agus anois do rugadh mac óg do mhac mo mhic agus beidh mac a mhic san ’na shagart agus an chéad aifreann a léifidh sé tá sé chun é a bhronnadh ar a mhuintir atá marbh.” “Dia linn ’s Muire,” arsa an t-anam eile, “níl éinne chun teacht im dhiaidh chun aifreann do rá dhom.” “Tabharfad leath mo chuid féin duit,” arsa an t-anam eile. D’airigh Íosa Críost agus a mháthair, moladh go deo leo iad, agus do leog Íosa suas sna flaithis saor iad.Pádraig Ó Céilleachair