Máire Ní Liatháin, Goirtín Fliuch. Aois – Dhá bhliain déag 21-3-38 Béaloideas – Scéal Bhí sagart ann fadó agus d’iompaigh sé ina Shasanach. Bhí deartháir aige agus nuair d’airigh sé an méid sin do bhris a chroí agus do fuair sé bás. Beagán aimsire tar éis bháis do, tháinig sé thar n-ais chun an tsagairt agus do dhein sé cúpla véarsa do agus seo mar a labhair sé:- 1 A Dhiarmuid is dubhach liom mar dhiúltaís dod chóta Agus na húdair róléannta do thréigis go deo iad, [Le] géilleadh do Luther do chuiris smúit ar do shlóitibh. Caith dhíot an uaisleacht agus tigeadh gruaim ar do phearsain, Cuir ort do bhrat ruainneach ód ghuaillibh go talamh, Mar osclóidh na huaigheanna agus éireoidh na marbh Agus ansan beidh Diarmuid ’s a ghúna go túirseach fí mhairg. 11 Moladh le Muire mar dheineas an Aoine, Mar bheadh mo chuid feola ’na spóla chíordhubh Agus bheadh mo chuid fola ’na sruthaibh im thimpeall. “Ó ’Mhuire Bheannaithe!” screadaim óm chroí ort, Nuair ghabhasa suas an boithrín caol úd Bhí an dhá mhaistín ar mo dhá thaobhsa, Do bhí a súile ar lasadh mar bheadh coinneal ar thaobh chnoic Agus a mbéalaibh ar leathadh chun mé ’alpadh in éineacht.Pádraig Ó Céilleachair