Síle Ní Luasaigh, Carraig na Damhra. Aois: Trí bliana déag 14-3-’38 Scéal Bhí fear fial ann uair amháin. Thug sé cuireadh do na daoinibh mórthimpeall air teacht chun dinnéir chuige lá. Bhí fear dall agus fear bacach ina measc. Níor fhéad an fear bacach siúl toisc gan lúth na gcos a bheith aige. Níor fhéad an fear dall a shlí do dhéanamh toisc gan radharc na súl a bheith aige. Chuimhnigh an fear dall ar sheift. “Téigh in airde ar mo dhrom,” ar seisean leis an bhfear bacach. “Déanfaidh mise tusa d’iompar agus déanfaidh mise tusa do stiúradh.” Bhí go maith. Chuaigh an fear bacach in airde ar a dhrom agus bhain siad an tigh amach ar an gcuma san.Pádraig Ó Céilleachair