Máire Ní Chríodáin, Oileán Aibhneach. Aois – Dhá bhliain déag 2-3-’38 Béaloideas –Scéal Do bhí fear in Eirinn fadó agus do bhí sé ana-shaibhir. Do bhíodh eagla air i gcónaí go ndéanfaí an t-ór do ghoid uaidh. Do bhíodh firín beag macánta ag obair don bhfear saibhir sin agus d’iarr sé ar an bhfirín beag aire a thabhairt don ór. Do chuir an firín beag an t-ór isteach i bpróca. Rug sé an próca leis go dtí an gleann agus do chuir sé i bhfolach i bpoll fé thalamh é. Nuair a chonaic an fear saibhir cad a bhí déanta aige do chuir sé fé gheasa é an t-ór do chosaint i rith a shaoil, agus i ndiaidh a bháis, agus tá leipreacháin sa ghleann ó shin ag tabhairt aire don ór. Dob é sin an chéad leipreachán, ach nuair do chuala daoine eile an scéal do chuireadar féin a gcuid óir fé thalamh agus leipreachán dá fhaire. Sin mar a tharla go bhfuil leipreacháin i ngleannta na hÉireann.Pádraig Ó Céilleachair