Bhí Domhnall Ó Conaill thall i Sasana uair agus do fuair sé cuireadh chun dinnéir ó dhuine uasal gallda. Bhí a lán daoine uaisle eile ag an dinnéar agus do bhí sé socair nimh a thabhairt do Dhomhnall agus é a chur chun báis. Do cuireadh an nimh isteach i ngloine Dhomhnaill. Bhí an chuideachta suidhte tímpeall an bhúird agus a ghloine féin ós comhair gach duine acu. Bhí cailín aimsire ó Éirinn sa tig go raibh gaedhilg aici agus do fuair sí amach mar gheall ar an nimh. Do fuair sí leath-sgeal éigin chun dul isteach i seómra an bhídh mar a raibh Domhnall is na h-uaisle eile. Leog sí uirthe bheith ag amhrán sa gaedhlinn agus í ag gabhail tímcheall agus ’sé seo an caint a bhí ar siubhal aici. “A Domhnaill Uí Chonaill an dtuigeann tú gaedhilg Thuig Domhnall gur oir don chailín rud éigin d’innsint dó agus ná raibh san amhrán ach leath-sgeal. Leóg sé air bheith ag rádh an amhráin leis agus dubhairtHelen O'Jeaic Mag FhinnPádraig Ó Céilleachair