Do bhí Eóghan Ruadh agus sagart ag áiteamh mar gheall ar bhaiste uair. Dubhairt Eóghan go bhfeadfadh sé féin leanbh do bhaiste chómh maith leis an sagart agus dubhairt an sagart ná feadfadh agus thíomáineadar leó ar an gcuma san ar feadh tamaill ag caint agus ag áiteamh.
Fé dheire bhain an sagart a hata de, hata bréide do beadh é. Do shín sé an hata chun Eóghain agus dubhairt sé:- “cuir i g-cás gur bé sin an leanbh, cionus a baistfeá é?” Thóg Eóghan an hata agus dubhairt sé:-
“Baistim an leanbh seo
Gan tóin, gan cheann
Gan tobar gan uisce gan bhraon do'n leann
Reithe do beadh a atháir
Is caoire do beadh a mháthair
Is a leitheid do bhaiste
Níor tháinig ríamh am láthair.Helen O'Pádraig Ó Céilleachair