Tá Máire Ní Shéa creactha 's cuid feara d'á dhíol amach, Ó sciobhadh an fiolar a lachan leis treasna na bhfír ó dheas. D'éirigh ró-thapaidh, níor greamuig sé í na ceart Is do thuit sí chun tailimh nuair a lagaidh an "breeze" ar seal. Is níor bhé siúd ba mheasa í, cé gur tairbheach í 's gur mhaith Ach an t-uan breagh cúilce do bhí ag tarrach 'na chaoire dheas Go raibh olann chomh fada air gur b'é bhreathnuigh na daoine ar fad, Go mbeadh cúig punt sa mbearra air, dá mairfeadh le'n aois do theacht. Is a Dhonncadh an Chladaigh, pé cathair a bhfuil do nead, Ag iasgach cois chaladh, nó ag faire san oidhche amach, Níor mhór dhuit go mharuighis mo phataire caoire dheas Is ná fuaras ar maidin ach ó bhaithis a chinn amachHelen O'An Dothra BheagJeaic Mag FhinnAnaithnid