Ní raibh thar ocht gcéad againn feín. Agus sinn ag tarrach an "chloc Chaillighe" bhí an bád tuairim míle laistear dinn. Nuair a bhí an cloch istig sa bhád againn d'fhéuchamar tharainn. Ní raibh bád nó barc ann. Nuair a chonnacamar ar dtúis é cheapamar gur bhád ó GarInis a bhí ann mar bhí bád bán ó GarInis ann an oidhche sin. Ach bhí sí sin imthighthe go Gar Inis roimh lá. Nuair a bhíomarna ag féacaint uirthe bhí sé tuairim ocht a chlog ar maidin. Dubhairt duine do's na fearabih gurab é "Seán Géaraí" a bhí ann ~ go raibh gála chugainn Agus tháinig gála an lur na bhárach N.B. Seán Géaraí ~ Sin é an ainm a bhí ages na Seana daoine ar bhád Sídhe, agus aon a chifidís í bheadh gála cúcha. Fuaireas an sgéal so ó Phadraig Ó'hUrdall (Peats Thaidhgin) Baile na Carraigh. Seanachie iongantac do beadh a athair. Fuair sé bás 1915. Fear árd, rinn, lúthmhar, laidir do beadh é. Bhí sé breis agus ceithre fiche i nam a bháis. Tá Peats os chionn 60 anois. Na piósaí go léir a fuaireas uaidh tá cuid aca sgríobhtha cheana ins an leabhar so agus sgríobhfad na giotaí eile.Helen O'