Chuaidh fear ó'n dtír mór ag déanamh cleamhnais uair go Baoi. "Cad é an spré geóbhad?" ar seisean Seo a dubhairt athair an cailín:- "Tabharfadsa féin mar spré dom' chailín óg, Na carraigeacha géara ar thaobh na gCaluíoch Mór, An Geadach, 'sa' Laoi, cun an méid sin bainne d'ól, Agus an Tarbh dá naoracht agus ag géimrigh amach fé'n gceó. An Geadac, an Laoi agus an Tarbh - trí carraigeacha móra leasthiar de'n Oileán Baoi. Tá tig solais ar an dTarbh anois.Helen O'Aoife BegganDeich mblian is trí fichid ó thoin chuaidh fear agus a mhac ón mbhaile seo ag déanamh cleamhnais go tig éigin i Lochán Mór. Bhí an cleamhnais déanta aca ach an spré "Cad é an spré a geóbhaidh sí?" arsan athair an bhuachalla "Geóbhaid sí Béarra agus Beanntraighe mar a ritheas siad." arsan athair an cailín. Do críochnuigeadh an cleamhnas gan a thuille cainnte mar gheall ar an spré. "Ceátharnach" do beadh athair an chailín. Bhí an fuil ann agus de réir a fhola is dócha gur cheap sé go raibh a inghean ró mhaith do'n bhuacaill gan aon spré.Helen O'