Domhnall Cam (mé féin - ó Phats Thaidhgín) Do ghlaoideadh Domhnall Cam air mar 'fear caol árd croma slinneánach do bead é, agus rithsheacha cama aige'. Cath-Sliabh Larach idir Domhnall Cam agus Dú Dara Mhac Suibhn Bhí troid idir Domhnall Cam agus Dú Dara Mhac Suíbhn in aimsir Domhnall, agus i nGairnis a bhí na hátharaighe ag Dú Dara. An tríomhadh lá dos na laetheantaibh diarr bean Dú Dara ar an correspondent cia a bhí troid le na fear indiu. "Fear caol, árd croma shlinneánach; agus rithsheacha cama aige", arsan correspondent "Níl aon dul as aige ó'n fear san". arsan bhean. "Sin é Domhnall" ar sise. De reír deárramh nár sheasamh an cogadh acht trí lá. Bhí fear i gCilláthach agus glaodhadh "Fear Cilláthach" air. bhí tig ann istig i bport agus bhí sé mar bannc aige an uair sin agus sgadhtháluí do beadh é. Tháinig sé cúcha nuair a bhí cath ar leath-taoibh. Nuair chonnachadar ag teacht é chuireadar fear marbh ar sheasamh agus gunna fén a ucht, agus dubhairt Domhnall leis imtheacht síos agus an gunna do thabhairt aníos cuige. Chuaidh Fear Cilláthach síos agus d'iarr sé an gunna ar an bhfear marbh; agus ní thabharfadh sé dó é. Dhein Domhnall bhéarsa annsan: "A fhir chalma nár sheasamh linn i nam lá an bhruighin, Is gur gheallaise ar maidin dúinn go mbeannfea dís, Ba mhairg duit nách mar Sgaifire an Sreanntáin a bhí Agus h aigne cuir go seasathach ag roumsáil claidheamh" Sgaifire an Sreanntáin do beadh Muirecheartach O'Súilleabháin. Bhíodh sé ag sreanntáin fé'n a fhiachla. Nuair a chuala sé go raibh an cath ar suibhal d'eirig sé as a leabaidh fhiabhrais agus chuaidh sé féin a dhéin. Do marbhuigheadh Dú Dara insan chath; agus do síneadh amach é ar leac mhór leastuaidh dé Bhárnes agus dubhairt file éigin:- "An gairbhean garbh na gaoithe adthuaidh Mar a leagadh Dú Dara Mhac Suibhn ar uaig."Helen O'Aoife Beggan