ós a cionn. Ní fios aon cuairteanna bheith déanta riamh annso. Tá leigheas in uisce an tobair seo i gcoinnibh fiabhrais. Deirtear ná tiocfadih a leithéid, le blian ar an duine a n-ólann. Tá nos ag daoine buidéal nan uisce do bhreith abhaile. De réir beal-oideas tá eascú san uisce má cídhtear í, beidh an t-ádh leis an duine sin go deo. NÓTA (Tá trácht ar Bearrcháin no "Berchin" i litir ó'n bPápa in 1199 (Innocent {III} Sa sean-leabhar "ONOMATECAN GAEDILICIM" cídhtear Berchan - mac Máine de Shíl lúghdach laidhe (leathanach 440) Sa leabhar CELTIC MISCELLANY (Leath 46-51) cídhtear ainm BEARCHÁIN le FACHTNA - bunuightheoir Rosa Ailithir - Léightear leis óráid a tugadh t'réis báis an priomh-mhanaig O GILLAMICHIL abhí ina caomhnóir de "Teampall Bearcháin" sa pharóiste seo. Tugadh "Sparán Oslaighthe" ar GILLAMICHIL- toisc a flaitheamhlachta - Tá a ainm sa pharóiste fós i mbaile fearainn Fearann-GILLA) Seámus De Búrca BL. T.D., (nach maireann) a h-innis domAn Dothra Bheag