Sgéul. Ar an dtaobh shoir don bhaile seo (Cumolán) tá cuas ar a dtugtar Cuas a Dubhghlais. Aige bun a bhóthair atá sí agus sruthán uisge a rith síos ann. Deirtear go bhfuil próca óir curtha shíos sa chuas san agus fear gorm agus claidheamh aige á ghárdaíl. Seo mar a thárla do bheith ann d'réir na sean sgéulta:- Fadó, fadó riamh tháinig long ón Austráil ar dtír san áit sin a lorg fíoruisge. Ní ró fhada ar dtír dóibh go dtáinig an tóir ón bhfairrge ortha. Ní raibh ach an próca óir sin acu agus thugadar as an luing é agus chuireadar annsan istig i dtóin a' chuais é agus chuireadar an fear gorm mar ghárda air. Chuireadar geasa air an t-ór a chosaint beo agus marbh do go dtiocfaidís féin á iarraidh aris. Tá sé dóigheamhail nár thánadar chun an fhir bhoicht a fhuasgailt fós, mar ar uair áirighthe nach aon oidhche cloistear mar a bheadh duine ag gearán thíos san chuas.MuirisRob Figge