Do bhí fear tiar i gCeannúig fadó agus aon lá amháin chonnaic sé file ag teacht fé dhéin an tíghe. Do bhí corcán leite air an dteine aige agus nuair a chonnaic sé an file ag teacht do thog sé síos go íochtar an tíghe e mar nior maith leis aon cuid de do thabhairt don bhfile. Nuair a tháinig an file isteach do labhair an fear istig leis agus dubhairt sé Muise dé do bheatha chúgham an bfuil aon sgeal agat chugham. Tá arsa an file agus dubhairt sé mar seo Tá an gealach ins an aér agus an ré gan tsíol Is ceannuig ag feachaint ó deas air bhaoí Tá méilg caorach i mBuailícuíl Is am basa go bhfuil rud éigin i níoctar an tíghe Tá arsa an fear agus geóbhair-se do chuid de.An Dothra Bheag