dubhairt sé léi. An bhfeiceann tú an trúir fear san anois. Do bhí a n-athair súd na bheatha sláinte nuair a gluaiseadar ón dtig ag glaodhach ormsa. Acht anois dubhairt sé tá sé marbh rómpa, agus tá a anam thíos i n-Ifreann fén am so á stolladh agus á stracadh ages na diabhail.AnaithnidBhí fear i gCaithir Dómhnall fadó agus do chuaidh sé síor amach go Co Luimnighe ag obair taréis tamall do a bheith ag obair ann do phós sé agus do bhí ceathrar mac aige. Nuair do bhí sé ag fághail bháis dubhairt sé leó dá mbéidir leó i n-aoncor a chorp a thabhairt go dtí a áit dúthchais féin go teampoll a Chóid. Dubhairt sé leó na cóngair go léir go raighdís. Is dóca ar seisean go mbeidh an (cop) corp ró throm díbh ach más féidir libh i n-aoncor é mo cheann a thabhairt go Teampall a Chóid mar sé mo bhaile dúthchais féin é. Is féidir libh an cheann a bhaint don chorp agus anAnaithnid