Bhí fear ann fadó , agus ní raibh aoinne sa tsaoghal aigeach aon mhac amháin. Na h-aon oidhche Nodhlag thagadh stróinséar éigin chúcha i gcóir lóisdín na h-oidhche , ach an oidhche seo ní raibh aoinne ag teacht. Bhí mí-fhoidhne ag teacht ar an athair ,agus dubhairt sé leis an mac dul amach féachaint an bhfeicfeadh sé aoinne ag teacht. Do chuaidh . Ní fheaca sé aoinne ag teacth ar feadh tamill mhaith , ach sa deire thiar thall do chonaic sé fear ag teacht treasna ná páirce agus chuaidh sé fé na dhéin. D'fhiafruig an fear de'n gharsún cá bhfaigheadh sé lóisdín na h-oichdhe. Dubhairt an garsún leis teacht go dtí na tigh féin. D' imthigheadar ortha. Chuadar isteach agus bhí an -áthas ar an athair nuair a chonac sé go raibh stóinséár tagaithe i gcóir na h-oidhche. Tugadh a shuipéar do'n stróinséar, agus is go fial agus go fáilteach a tugadh dó é. Chaith an stróinséar an oichche ag innsint sgéalta , agus is mó rud greannmhar a innis sé dóibh, agus is mó gáire a bhain sé asta, i dtreo ro raibh an oidhche ag sleamhnúghadh go tapaidhDiarmuid ó Dálaigh