Bhí leinéan sídhe ann uair amhain agus cailleadh a máthair nuair a bhí sí ana óg. An tráthnóna so áirithe agus í ag teacht lé cliabh móna cad a chífeadh sí ach an sluagh sídhe agus a máthair na measc. Tháinig a máthair ag cainnt lei agus eise ag breathnú ar an sluagh. Ba ghéarr gur ghaibh fear thar brághaidh agus ceathamhadh mairt ag sileadh leis. Dfhiafruig an cailín dá máthair cad na thaobh go raibh an mhairt ar sileadh leis. Tá dubhairt an mháthair nuair a bhí sé seo ar an saoghal so ghoid sé féin agus triúr eile bó agus cuireadh mar phionós air seo ar an saoghal eile ceathamhadh di a iompar. Dimthig an mháthair uaithi annsan agus chuaidh sí sin abhaile. Thárlaidh go raibh fígheadóir ar an mbaile agus buaileadh breóite é. Uncail do'n leinéan ab eadh é. Na h-aon oidhche thagadh fear ón saoghal eile fé na dhein ach chosamúodh an leinéan é. An naomhadh oidhche ní raibh an leinéan ag teacht agus níor bhfada go dtiocfadh an namhadh. Bhí mí-fhoidhne ag teacht ar an bhfígheadóir agus seo mar adubhairt sé:- Tá an teine gan choigilt Is an solas gan múchadh.Matt Smyth