Tímcheall cead bliain ó shoin do bhí scoil ghairid i mBaile 'n Sgeilg. Sé an ainim a tugtí ar an bhfear a bhí ag múineadh ná an maighistir bacach mar do bhí chos ghairid fé. Ba mhór an traeson Gaedhluinn do labhairt i naonchor san am san. Sé an pionós a chuirfí ar duine a chloisfheadh an máighistir ag labhairt Ghaeluinne ná an cipín beag a bhí aige do chrocadh ar a mhuineál agus sé an ainim a bhí air sin ná an Signum. Ba mór an ceann fé agus cúrsaí magaidh ag an gcuid eile des na buachaillí é sin. Do bhí an Signum air crochadh ar feadh abhfad ar bhuachaill darab ainim Donnchadh Ó Laoghaire agus bhí sé ag faire go dian chun sgarúint leis. Aon maidean amháin is é ag teacht go dtí doras na scoile do chuala sé buachaill eile ag labhair Ghaeluinne. Ó h-anam an diabhal Paddy O Shea is spaking Irish. Do chualaidh an máighistir ag easgainí é, thug sé leis isteach é agus théidh na cliatháin go maith aige agus dhaignidh an cipín níos a bfeárr air. Eibhlín Ní LeathlobhairAn Dothra Bheag