Lá amháin do bhí fear i-n-aice na fairrge, agus do chonaic sé bó a ag teacht isteach sa talamh tirim ó'n bhfairrge. Do chloiseadh an fear so na sea-daoine 'á rádh go minic dá gcithfí dorn de chré talmhan leis an mbuin sin go leanfadh sí abhaile tú. Seadh, nuair a bhí an bó i dtír tamall , d'éaluig an fear uirthe, agus do chaith sé dorn de'n chré uirthe, agus do lean sí go dtí na thig féin é. Do bhí sí 'na bó mhaith bainne as san amach aige, agus an chéad bliadhain do bhí gamhain buineann aici , agus ar feadh seacht mbliadhna na dhiaid san. An t-ochtmhadh bliadhain do bhí gamhain tairbh aice. Do mhairbh an fear an tarbh , nuair a bhí sé 'na laogh, agus nuair a chonnaic an bhó go raibh an tarbh marbh, d'árduig sí a ceann , agus do dhein sí greas géimríghe. Annsan d'iompuig sí a h-aghaidh chun na fairrge , agus do lean na seacht gcínn eile í, agus n'fheacaid aoinne as san amach iad.Diarmuid ó Dálaigh