de bheir se i mbun da h-ioscall air is chaith amach ar an aoileach é agus dfágh annsan ar an aoileach é agus de dún an doras. I gcionn scaithim de buaileadh an doras. D'eirig Síoman agus doscail agus cé bhuailfheadh isteach chuigis ach a mhac féin, na bhuachaill breágh áluinn.Matt SmythIns an tsean- aimsir fadó do chómhnuig Pailitíneach sa Ghleann i n-iarthar Uíbh Ráthach agus do bhí beirt bhuachaillí aimsire aige. Aon mhaidean amháin d.éirigh an bheirt agus ghléasadar suas i na gcuid éadaigh lá saoire iad féin. Tháinig iongantas ar an máigistir agus d'iarraibh sé díobh cad a bhí suas nó an amhlaidh a bhíodar dhá fhágaint .Ó ní h-eadh ar siad , lá saoire an lá indhiu agus támaóidh ag dul go dtí an t-Aifreann. Ó ní stopfhadh-sa sibh ach an misde dom a fhiafhruige díbh cé an lá indhiu ann. Tá Lá NaoímhAnaithnid