Do bhí sagart ann fadó agus bhí sé ag léigheadh an oidhche seo, agus bhí tamall de’n oidhche caithte nuair a bhraith sé uaidh ceann de sna leabhair a dhearmhad sé sa tSéipéal. Dubhairt an cailín aimsire leis go raghadh sí fé na dhéin. Dubhairt an sagart léi go raibh sé ró-dhéanach san oidhche, ach d’imthig sé fé dhéin an leahair. Nuair a tháinig sí go dtí an Séipéal d’oscail sí an dorus. NI raibh aon ghlas air, mar ní bhíodh glas ar séipéal an uair sin. Nuair a bhí sí ag dul fé dhéin na h-Áltórach chualaidh sí an coisidheacht roimpi, agus níor stad sé gur bhain sé an Áltóir amach. Cad a bheadh ann ach gabhar, agus tá sé ráidhte riamh ó shoin nuair a théigheann gabhar sa teampall ná stadann go dtéigheann go h-Áltóir. Ach níor chuir san aon eagla ar an gcailín. Do bheir sí ar an ngabhar, agus chaith sí anuas don Áltóir é, agus thug sí léi an leabhar. Nuair a bhí sé ag teacht thar n-ais chonnaic sí na daoine sínte ‘na srathanna ar an dtalamh. Dubhairt duine acu léi deoch a thabhairt ‘na bhróig chuige. Do thug. D’ól sé é. D’fhiafraigh sí dhe cad a d’imthig ortha. Dubhairt go rabhadar ag troid agus seo mar a dhubhairt duine acu.- Triúr agus cúigear ó’n Scairt, Fear agus a sheachtar o Bhórd ó Fhínn, Siad do dhein an chortha ceart, Ar bhínse ais ar bruach na Síon. Do chuaidh an cailín abhaile go dtí an sagart, agus thug sí an leabhar do. D’innis sí a sgéal don sagart cad do bhuail roimpiFreya Watson