Bhí beirt fhilí i gCiarruidhe agus chuireadar a ndubhshlán fé fhile a bhí gCorcaigh. Dheineadar ionad coinne go mbuailidís le na chéile i sráid áirithe i gCiarruidhe. Do ghluais an file aonair fé na ndéin, agus bhí sé síos suas an sráid ar a lorg. Casadh isteach i dtig tábhairne é. Bhí beirt fhear na suidhe ag bórd, agus gloine lán i lámh na h-aoinne acu. Bhuail sé isteach chúcha. Do labhair duine acu leis mar seo, - “Sin duine gan áird a tháinig chúghainn indiu, N’ fheicim ‘na láimh cárt ná crúsca puins. Is dóich liom gur bh’ fhearr gabháil air le strúille duip, Imthig as an áit is fág an dúthaig againn.” Do labhair file Chorcaighe agus dubhairt, - “Ní duine gan áird mé a tháinig chughaibh-se indiu. Ach file fial fáilteach dhéanfadh dán dúbalta. Pe ‘cu agaibh is fearr ar chás ná i gcúrsa fir, Seasuigheadh sé a lámh anáirde ós cionn a phuis.”Jeaic Mag Fhinn