Cuaidh breamh Cíll Mhic Ciarain fadó go Corcaig ag díol ime mar gurb é sin an cathair ba giorra dhóibh sa tseana aimsir. Ní raibh aon béarla ag muinntir Cíll Mhic Ciarain agus ní raivh aon Gaedhluinn ag muinntir Corcaighe. Shroiseadar Corcaigh agus díoladar a gcuid ime. Nuair a bhí a nghnó déanta aca cuadar fé dhéin dínnéir. Nuair a bhí sé ithte aca d'fhiadruigheadar de bhean an tíge an mór é a luach. Dubhairt sí leó "thirteen pence and a penny loaf" Car deir sí arsa fear aca leis an duine eile. Deir sí "trí scillinge déag agus giní óir". Caiteadar cúici na trí scillingeMatt Smyth