Bhí rí i n-Éireann fadó agus bhí triúr mac aige. Nuair a bhíodar ag éirghe suas na ógánaibh ní raibh de cúramh ortha aon lá ach ag imirt báire agus ag fiadach. Lá de' s na laetheannta ráinig leó bheith ag teacht abhaile ana dhéanach istoidhche níos déanaighe ná aon oidhche eile. Ar a bfilleadh abhaile bhuail seana-bhean leó ar leath cois ar leath láimh, comán óir agus liathróid airgid aici. An imreocfá báire liom a Mhac óg Rí na h-Éireann ar sise. Dhera d'imreocainn báire lem shamail féin agus ní led leithéid-se. D'fiafruig sí do'n tarna mac an imreócad sé báire léi agus do dhúiltig sé sin di chómh maith. D'fiafruig sí annsan do' nElla Dmitrieva