Scéal – Púcaí (Cathair Domhnaill), Co. Ciarraighe Bhí an t-Athar Pádruig O’Chonaill Sagart Paróiste a bhí i gCathair-Domhnaill timpeall h-ochtmhadh mbliadhain ó shoin agus a cléireach Seán Ó Mhódhrain oidhche amuigh ag cuir na h-olan ar duine éigin. Ins an tslighe dóibh do chuir an t-Athar Pádraig a stóll air. Nuair a cuireadar tamall eile d’én bhóthar díobh aríst do chuir an t-Athar Pádraig a stóll air agus arís an tríomhadh h-uair do chuir sé a stóll air. Lár na bháireach bhí sé féin agus an cléireach i dteannta a chéile. “Níor fhiafruigheas díom” a dubhairt an Sagart le Seán Ó Módhrain goidé an brígh bhí leis siúd a dheineas aréir. “Níor fhiafruigheas” a dubhairt (an) Seán “ach táim a fiafhruighead díot anois.” Mathair an deabhal a bhí annsúd a dheineas aréir, ad iarraidh toirmisg a dhéanamh domh-sa“ a dubhairt an Sagart.An Ghlas Ghaibhneach