Muinntir Cíll Mhic Íarainn Chuaidh dream de mhuínntir Cill Mhic Íarainn go Corcaig fado le ím. Mar go Corcaigh théigheadh na daoine fadó le na chuid ime. Núair bhíodar ag teacht abhaile bhúail fear leo ar an mbóthar agus dúbhairt sé “Good Morrow.” Ní raibh aon Béarla aca act bhí duine aca an léigheanta agus choiméad sé na cheann an focal. Do bhí capall agus cisean ag gach duine aca. Bhíodar ag dul díobh go h-áluinn gur sroiseadar Féithe leasa in Oileán búidhe. Chúaidh ceann des na capaill i bpoll mor. Thangadar go léir le chéile á tharac. Núair bhí sé tairgithe aca sa t-siubhal leo arís acht do dearmhadadar an focal ”Good morrow.” Núair bhíodar chómh fada leis an g-Ceannúig dúbhairt duine aca le duine eile gur sa chisig d’fhágadar é. D’fhilleadar go léir airís go Féatha leasa agus réabadar an chiseach ag lorg an focal béarla. Bhúail seana ghad leo agus dúbhradar go léir, O ta sé againn gad morow. Do chúadar tar n-ais airís gur sroiseadar Cill Mhic Iarrainn. Annsan tosnuigheadar ag comhraimh a chéile acht bhí duine in easnamh i gcómhnaidhe ortha. Mar ní chómhraimh aoinne e féinidh agus ní raibh fhios aca cioca aca a bhí in easnamh. Do bhí duine deagh mheamhrach ionnta agus dúbhairt se leo teine a lasa i dtig gach aoinne agus go bhfanach se fein á faire. Bhí deatach ins gach tigAnaithnid