Sgéul Ainm an Aithriseóra: Máire bean Uí Fhoghladha A Seoladh: Gleann-Bheithe A Aois: Nac maireann Bhí ministir ar an gCorrán in-aimsir na ndeachmaidhe. Bhí sé an dian ar na daoiníbh. Tháinig ceathrar buachaillí a bhí daithte isteach cuige i meadhon oidhche agus baineadh a chuid éadaigh de agus chimileadar go cruaidh a croicheann le cárdaibh olna agus thugadar an fhuil amach leó. Dhearbhuig an minnistir an bhuachaill d’ar b’ainm do Seán Mac Gearailt ón gCoad. Cuaidh athair Seáin ag cainnt le Domhnaill Ó Conaill. “Níl aon tslighe cun é saoradh” ars’ an cunsoiléir ach caithfidh sé bás d’fhághailt. Cuaidh an buachaillAn Ghlas Ghaibhneach