Lá Áirighthe na Bliana Ainm an Aithriseóra: Bean de Búrcac. A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe. A Aois: 53 bl. Bhíodh ana onóra aiges na sean daoinibh go lá Bealtaine. D'eirigeadh gac h-aon bean tighe ar moch ar maidin. Do chrocadh sí an t-uisge coisreachta ar fúid an tighe anuas sa mbannrac istigh sa tigin bainne agus air na buaibh. D'imthigheadh sí annsan agus tugadh sí craobh isteach as go h-aon crann a mbíodh timcheall an tighe chuireadh sí craobh is go h-aon cúinne de'n tig. Deineadh go h-aon bean tighe cuigeann Lá Bealtaine mar a mbíodh aici ach aon galun amháin bainne. Do leógadh fear a thighe amac na ba maidin Laé Bealtaine pé slighe go mbeadh an maidin d'fonn is go n'íosfhaidís an cheud barra don fheur glas maidin Laé Bealtaine. Do gearradh go h-aon fhear a tighe eirbeall na mbó sar a leigeadh sé amach iad do dógadh go h-aon bean tighe uth na mbóAn Ghlas Ghaibhneach