Tugtar an Inid ar an aimsear ó Lá le Stiopháin go Céadaoin na Luaithridh. Le linn an ama sin deintear na cleamhnais, go mór mhór fé an dtuaith. 'S é Máirt na h-Inide an lá déanach cun pósta roimh an gCarghaos. Bíonn fleadh ins gach tig. Deintear pancóga mar ní bhíonn sodhlaistí againn ó Máirt na h-Inide go Domhnach Cásga. Tugtar Oidhche na Sgeilge ar an oidhche sin. Deintear dánta i dtaobh na ndaoine ionphósta agus gheibhtear mórán spóirt asta. Deineann muinntir na tuaithe cleamhnaisí i rith na h-Inide. Buachaill a bhíonn cun pósta, gheibheann sé cara nó gaol de féin - cainteóir maith cun an cleamhnais d'eunamh. Stócach a glaodhtar ar an bhfear san. Téigheann siad go tig an chailín agus buidéal 'na phóca ag an mbuachaill óg. Bíonn siad go grádhmar agus go gealgáireach i dtig an chailín.Bernie HughesConchúr Mag EacháinAn Ghlas Ghaibhneach