Chaithidís cístí aráin leis an ndorus cun an ocrais do coimead amach. Biodh teinte móra acu Oidhche Nodlag. Cuiridís smutáin innte. Maisiúaidís na tighthe le h-eidhneán agus cuillean ceangailte ar a céile le córdaí go dtí go mbiodh slabhraí déanta acu. Thagadh na spailpíní go léir abhaile cun na Nodlag do caitheamh sa bhaile imeasg a gclann féinig. Nóra Ní Rioghbhardáin,. Cill na mBreac, Gleann Beithe.An Ghlas GhaibhneachTómhaiseanna Cím cúgham anoir anall, Inghean an Rí go trim teann, Fáinne óir ar bhárr a baise, Sa cúl a coise trí na ceann, Axe. Capáll donn i lár na h-abhann, Agus ní fhéadfadh aoinne dul na drom. Eascú. Tabairíin fior-uisge ar fior bárr na t-sleibhe, Fuinneóigín gloine agus doraisín cré, An t-súil Ainm an aithriseóra: Donncadh O'Síoctháin. A Seoladh: Cill na mBreac, Máire Ní Síochtháin, Cill na mBreac, Gleann Beithe.An Ghlas GhaibhneachAn Ghlas Ghaibhneach