Éadaighe Níl aon táilliúir san bparóiste fé láthair. Bhí beirt ann deich mbliana ó shoin acht d'éag duine aca agus tá an duine eile ina sheanóir anois. Ní raibh ach aon táilliúir [amháin] ann riamh acht timcheall deich mbliana ó shoin tháinig duine eile ann ach fuair sé bás le déanaighe. Seasga blian ó shoin ní raibh aon áit chómhnuidhthe ag táilliúir na háite seo acht théigheadh sé ó thigh go tigh nuair a bheadh culaith éadaigh le déanamh agus [d']fhanadh sé ann go dtí go mbeadh sé déanta. San am san bhíodh an mianach ag na daoinibh mar dheinidís féin é. Tar éis bearradh na gcaorach dheinidís an olann do nígheadh, ghlanadh, chardáil agus do shníomh. Annsan chuiridís an tsnáth ar chrann dealúghadh nú "warping tree" féachaint an mó bannlámh a bheadh aca. Bhí figheadóirí san bparóiste a dheineadh bréid di; bhíodh sé liath nú bán agus dheineadh na mná é do dhathúghadh le saghas cúnlaigh a bhíodh ag fás ar na carraigeachaibh. Chaitheadh fear an tighe casóg dheas agus mianach maith ann. "Pilot" a cuireadh mar ainm air acht is i gCorcaigh deintí é do dhathúghadh. Bhí stuif sin an[a]-throm ar fad agus gorm ina dhath.Rob Figge