Sgéal eile Cailín óg d'innis an sgéal seo dom. Oidhche áirighthe bhí sí féin i bhfeighil tighe le haghaidh duine eile agus bhí buachaill óg -trí bliana d'aois- mar chuideacht aice. Bhí an cailín suas le fiche blian an uair sin agus misneach maith uirthi. Chuaidh sí a chodladh timcheall a deich agus bhí an garsún ina chodladh i seomra eile. Ní raibh sí tuirseach agus tar éis dul isteach sa leabaidh thóg sí leabhar agus bhí sí ghá léigheadh. Ní raibh puinn léighte aice nuair [a] d'airigh sí coiscéim dhuine ar an staighre ag teacht aníos ón gcistin. D'airigh sí flup-flap ar an staighre agus fothram an domhain fé mar leogadh an duine an chos trom fé. Bhí an staighre ana-ard agus do lean an fothram go dtí doras a seomra. Annsan do stad an fothram agus d'airigh sí cnag mór trom ar an ndoras. Bhí sgeoin an domhain uirthi, agus léim sí amach as an leabaidh agus isteach go seomra an gharsúin léi. Bhí sé ina chodladh agus do ghlaoidh sí agus rug sí greim ar a mhuineál le scannradh. Dúisigheadh an garsún agus cheap sé gur as a meabhair a bhí sí. Ní rabhadar sásta gan dul chun na cistineach ach bhí na dóirse dúnta agus glas ar gach ceann aca leis.Rob Figge