Sgéal i dtaobh duine a fuair bás in Americá An fear san gur airigh an ceol ar a rabhas ag cainnt tá sé ina chómhnuidhe leathmhíle ó mo thigh-se. Oidhche áirighthe i lár an gheimhridh chuaidh sé amach agus nuair [a] bhí sé cúpla péirse ón dtigh d'airigh sé gol brónach, truaighmhéileach ar nós gol leinbh. D'éist sé go haireach agus annsan chuaidh sé isteach agus ghlaoidh sé ar a athair chun dul amach mar do bhí duine éigin ag dul amúgha dar leis. Bhuail a athair a bhróga air agus amach leo. D'éistigheadar agus d'airigh siad an gol airís agus shamhluigheadar go raibh sé ag dul ó pháirc na hiothlainne go bun an bhaile agus treasna na habhann agus i dtreo tighe dhuine eile a bhí ina chómhnuidhe ar chliathán an chnuic. Tá bóthar idir an abhainn agus an tigh sin agus an oidhche chéadna bhí fear eile ag gabháil siar an bóthar sin ó Neidín agus d'airigh sé an gol go soiléir. Stad sé chun éisteachta agus bhuail sé a ucht i gcoinnibh chlaidhe an bhóthair asgus tháinig uaigneas air. Bhí ceartlín aige agus le scannradh do fhág sé ar an gclaidhe é. An duine a bhí ina chómhnuidhe ar chliathán an chnuic. Fuair a mhac bás in Americá ar an oidhche chéadna.Rob Figge