Piseoga 1. Bhí sé ... gamhain do cheangal le coiseagán ach é do cheangal le staic nú cuaille ar dtúis. 2. Aistriú feoil cinneamhna go dtí feirm eile Deirtí go dtógadh sé an c[h]inneamhain agus go gcuirtí ar a gcomharsain é dá gcuirfidhe píosa feola den ainmhidhe a gheibheadh bás go dtí feirm dhuine eile. 3. Tarrac na fola: - Aoine a tarrócadh fuil Dia Luain bheadh sé á tharrac go deire na seachtmhaine. 4. Lomadh an Luain: - Gan gruaig dhuine do bhearradh ná caoire do bhearradh ach chomh beag. Mar adubhairt an file: - "A sheanduine críonna lomadh an Luain ort, Nú lomadh éigin do bhearrfadh uaim thú Táim cráidhte céasda leis na bliadhantaibh agus b'fhearr liom féinig san uaigh bheith sínte."Conchúr Mag EacháinRob Figge