Seana-leigheasanna 1. Liocán agus salann: - Leigheas na bpiasdaí i leanaidhe ab eadh é. Tógtaí liocán agus pínsín salainn agus é do thógaint ar ceallacháin (=céalacan) gach maidin. 2. Fl (?): - Ceiridhe do chneadh ab eadh é. Fásann an luibh sin ar na hiomairíbh ins an ngairridhe. 3. Meachain "da abha" (ceartaithe dobha* ?): - Leigheas na n-ioscoidí (=neascóidí) ab eadh é. 4. Slánlus: - Leigheas do ghearradh. Cuirtí in aice na teineadh é agus annsa[n] cuirtí ím úr leis agus cuirtí leis an gcneadh é. 5. Caisreabhán: - Leigheas do dhroch g[h]oile ab eadh é. 6. Sean-chré: - Fén sceich gil tógtaí amach roinnt den chré agus cuirtí in árus é. Cuirtí uisge air agus sgagataí an t-uisge sin de. Cuirtí roinnt eile uisge air, sgagataí airís é, agus an tríomhadh uisge óltaí é. Bhíodh leigheas air do d[h]roch ghoile. Pé rud ná réidhtigheadh le goile an duine, t[h]iocfadh fonn múisce air ach uisge an tseanchré d' ól. 7. Eidhneán: - Cuirtí na duilleoga ar na cneádhannaibh. Deintí caipín eidhneáin díobh agusRob Figge